An Leabhar Nimhe: Scéalta agus aistriúchán (Irish Edition) Buy on Amazon
Facebook LinkedIn

An Leabhar Nimhe: Scéalta agus aistriúchán (Irish Edition)

Book Details
Publisher Evertype
ISBN / ASIN 1782010211
ISBN-13 9781782010210
Sales Rank #5,475,136
Marketplace United States 🇺🇸
Ratings & Reviews No reviews yet — be the first!

No reviews yet.

Description
Cúig ghearrscéal uafáis in aithris ar stíl an Mheiriceánaigh H. P. Lovecraft, a chruthaigh seánra nua scéalta uafáis-an tUafás Cosmach. "Cuitiliú": An raibh na Seanóirí Móra ag siúl na hÉireann riamh? Caitheann an scéal seo súil ar leathanaigh dhearmadta Chín Lae Amhlaoibh. "Scairt na Réalta": D'fhág a athair lámhscríbhinní rúndiamhra Gaeilge aige, agus nuair a léigh sé iad, mhothaigh sé na réaltaí ag glaoch air. "An Leabhar Nimhe": Níor theastaigh uaidh ach seanleabhair Ghaeilge leis an teanga a fhoghlaim, ach ansin, tháinig ceann chuige a raibh nimh ann. "Péist an Mheán Oíche in Ikaalinen" atá i gcroí an bhailiúcháin seo-duais-scéal an fhealsaimh Fhionlannaigh S. Albert Kivinen, a chuir Lovecraft in aithne do léitheoirí fantaisíochta na Fionlainne. Sa scéal seo, tugann Kivinen cur síos ar arrachtach cosmach a rinne a nead in Ikaalinen, baile beag margaidh san Fhionlainn-fód dúchais an scríbhneora féin. "Paappana, nó Ceol Erkki Santanen": Tharraing ceol an chlub na céadta daoine óga go dtí bruachbhaile leathlofa. Ach ansin, bhí an dúchinniúint ag fanacht leo thíos sa siléar. Panu Petteri Höglund a d'aistrigh gearrscéal Kivinen go Gaeilge agus a scríobh na ceithre cinn eile a fhoilsítear faoi chlúdach leabhair anseo. Casfar uafás cosmach Lovecraft ort san Fhionlainn agus in Éirinn, i saol an lae inniu agus i saol an lae roimh an Drochshaol. Chaith Panu Petteri Höglund na blianta fada ag déanamh dianstaidéir ar Ghaeilge na gcaint­eoirí dúchais le go bhféadfadh sé scéalta a insint i stíl a mbeadh blas ceart na teanga uirthi. Is é an bailiúchán gearrscéalta seo an dara leabhar Gaeilge a tháinig óna pheann. Na scéalta leis féin a fhoilsítear anseo, chuaigh siad i gcló an chéad uair in "An Gael", iris Chumann Carad na Gaeilge sna Stáit Aontaithe.
Donate to EbookNetworking
No Prev
No Next